ÁR nOIDHREACHT NÁISIÚNTA - CEANN DE MHÓRSHÓCMHAINNÍ NA hÉIREANN GUR MINIC NACH dTÓGTAR CEANN DI

Print this page

Dé Sathairn an 22ú Lúnasa 2009: Tá ár n-oidhreacht náisiúnta ar cheann de mhórshócmhainní na tíre, ach is minic nach dtógtar ceann di. Tá an deis agat le linn Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta, a thosaíonn inniu, Satharn an 22ú go dtí an 30ú Lúnasa, bualadh amach agus taithí a fháil ar an oidhreacht atá i mbéal do dhorais.  

Beidh os cionn 1000 imeacht ar siúl, formhór acu seo saor in aisce, le linn an chéiliúrtha seachtaine ar oidhreacht nádúrtha, chultúrtha agus tógtha na hÉireann.   

Agus aitheasc á thabhairt aige ag oscailt na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta i gCaisleán Chill Chainnigh, dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Michael Starrett, "le linn cruatain an ama seo, is tábhachtaí ná riamh aitheantas a thabhairt do agus léirthuiscint a bheith againn ar cheann de na sócmhainní is tábhachtaí atá ag Éire, is í sin ár n-oidhreacht. Le linn Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta, meastar go mbeidh os 200,000 duine i láthair ag imeachtaí ar fud na hÉireann. Beidh siad ábalta taithí phearsanta a fháil ar shaibhreas agus ar éagsúlacht na hoidhreachta atá i mbéal dorais acu".  

D’eascair an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ó Laethanta Oidhreachta na hEorpa, a cheiliúrtar in os cionn 49 tír ar fud na hEorpa. Ar a shon sin, in Éirinn, tá an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta éagsúil ní hamháin toisc gur ceiliúradh seachtaine d’imeachtaí oidhreachta í ach toisc go ndírítear ar oidhreacht chultúrtha, nádúrtha agus tógtha na hÉireann.  

"Is cuspóir de Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta é feasacht ar éagsúlacht ár n-oidhreacht a chruthú, ag cur ar chumas dhoine taithí a fháil uirthi agus a bheith rannpháirteach inti, agus ag an am céanna go mbeadh rochtain ag cách uirthi. Táimid ag súil le slua mór a bheith i láthair ag an oscailt inniu i gCaisleán Chill Chainnigh chomh maith le leibhéal ard freastail ar imeachtaí i gcaitheamh na seachtaine" a dúirt Starrett.  

Anois is an 19ú bliain á cheiliúradh aici, is imeacht sheanbhunaithe agus an-rathúil í Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta ar fhéilire cultúrtha na hÉireann. Déanann sí oidhreacht na hÉireann a chur ar taispeáint ar bhealach inrochtana agus idirghníomhach ag aimsiú lucht fairsing féachana. Tá fianaise dá rathúlacht i líon méadaithe na n-imeachtaí a bhíonn ar bun gach bliain, agus i líon na n-oibrithe deonacha agus na n?eagraíochtaí i ngach contae a eagraíonn gníomhaíochtaí na seachtaine.  

Agus an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2009 á seoladh ag Aire Stáit an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Michael Finneran, TD, thug sé aitheantas don ról tábhachtach atá le clár na n-imeachtaí maidir le cabhrú linn a thuiscint "gurb iad an iomaí cultúr le himeacht aimsire a chruthaigh ár n?oidhreacht agus go bhfuil seanchríonnacht ag baint le glacadh le cultúir eile mar a ghlacadar sin lenár gcultúr". 

‘Bí rannpháirteach inti, baineann sí leat’ is ea téama Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta na bliana seo. Don chéad uair, seoladh Comórtas Grianghrafadóireachta le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta agus iarrtar ar dhaoine atá ag freastal ar imeachtaí i gcaitheamh na seachtaine a gcuid samhlaíochta a úsáid, grianghraif maidir lena dtaithí oidhreachta a thógáil agus iad a uaslódáil go www.pix.ie/go/heritageweek.  

Tá sonraí iomlána na n-imeachtaí uile le fáil ag www.heritageweek.ie.  Tá cóipeanna de Threoir Imeachtaí don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta le fáil saor in aisce ag Láithreáin OOP, in Ionaid Oidhreachta agus i gCumainn Stairiúla, in Oifigí Turasóireachta Fáilte Éireann, i Leabharlanna, ó Bhaill CINC, i Láithreáin SPNF, ó Oifigigh Oidhreachta agus ó Chomhairlí Contae, Brúnna, Músaeim Éagsúla Indibhidiúla (Rannpháirtithe CCMÉ), Busárais Bhus Éireann agus in Óstáin éagsúla ar fud na tíre.  

Is í an Chomhairle Oidhreachta a chomhordaíonn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta agus is í an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a sholáthraíonn an maoiniú, agus is cuid í an tSeachtain Oidhreachta de Laethanta Oidhreachta na hEorpa, a cheiliúrtar i mbreis is 49 tír ar fud na hEorpa. 

DEIREADH

Nóta don Eagarthóir:

Is í an Chomhairle Oidhreachta an chuideachta reachtúil ar a bhfuil cúram aithint, cosaint, caomhnú agus feabhsú a dhéanamh ar oidhreacht náisiúnta na hÉireann. Cuimsíonn oidhreacht náisiúnta Séadchomharthaí, míreanna Seandálaíochta, oidhreacht Ailtireachta, Fásra, Ainmhithe, Gnáthóga fiadhúlra, Tírdhreacha, Muirdhreacha, Raiceanna, Geolaíocht, Gairdíní agis páirceanna Oidhreachta, agus Uiscebhealaí Intíre.

Bunaíodh í faoi Acht Oidhreachta 1995, agus oibríonn sí faoi choimirce An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil,agus soláthraíonn an Chomhairle Oidhreachta comhairle don Aire, agus gabhann sí i gcomhpháirt agus i líonraí le hÚdaráis Áitiúla agus le raon fairsing d’eagraíochtaí agus de dhaoine indibhidiúla le hoidhreacht na hÉireann a chur chun cinn.

Déanann an Chomhairle Oidhreachta comhordú ar Sheachtain na hOidhreachta i gcomhpháirt leis An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus is cuid í an tSeachtain Oidhreachta de Laethanta Oidhreachta na hEorpa, a céiliúrtar i mbreis is 49 tír ar fud na hEorpa.

Tuilleadh Eolais:

Michelle Guinan, MKC Cumarsáide, 086 3846630 

Isabell Smyth, Ceannasaí Cumarsáide agus Oideachais, An Chomhairle Oidhreachta 087 967 6889